Ag cruinniú cinnbhliana de chuid an club a reáchtáladh i Mí Feabhra 2025, ritheadh rún go mbeag ról nua do ‘Oifigeach Gaeilge’ ar Choiste an Chlub agus go ndréachtófar ‘Polasaí Gaeilge’ don club chomh maith. Glacadh leis an dhá rún d’aon ghuth agus roghnaíodh ball den chlub – Colm Ó Cinnseala – mar an t-Oifigeach Gaeilge nua.
Is de bharr gurb í an Ghaeilge teanga oidhreachta an Chladaigh, an teanga a úsáideann formhór na rannpháirtithe a bhíonn páirteach sna geallta báid traidisiúnta i gCuan na Gaillimhe agus gurb í teanga suntasach go leor baill den chub í, a ritheadh na rúin.
Bhí roinnt Gaeilge á n-úsáid i bhfógraíocht agus margaíocht de chuid an chlub ach ní raibh sé seo seasta agus go minic is i mBéarla amháin a bhíodh éiteas an chlub léirithe. Anois, agus polasaí Gaeilge againn, tá súil againn go mbeidh an Ghaeilge le feiscint agus le clos mar ghnáth nós.
Ó tháinig an polasaí i bhfeidhm bhuaigh an club aitheantas i gcomórtas mór le rá Gradam UÍ Ógartaigh – https://gleg.ie/gaeilge/gradam-sheosaimh-ui-ogartaigh-overview/ – de chuid Gaillimh le Gaeilge. Bhain muid duais amach agus luach de €2,000 ag baint leis ó Acadamh na Gaeilge. Reachtáladh suirbhé sa club agus rinne na baill, a raibh suim acu sa Ghaeilge a fhoghlaim, nó a fheabhsú léiríodh suim i ranganna Gaeilge, scrúdú féin tástála de chuid TEG. Suimiúil le rá, ach léirigh baill ó thar lear an-spéis sa togra. Tá ranganna ar bun ó thús Mhí na Samhna 2025 agus cuimseofar imeachtaí shóisialta mar chuid den traenáil teanga.
Is cuid lárnach den pholasaí na go mbeadh cuimsiú an Ghaeilge mar ghnáth chuid d’imeachtaí an club.
Tá súil anois againn go mbeidh aitheantas don Ghaeilge idir labhartha agus scríofa anois mar ghnáth chuid d’imeachtaí agus gníomhaíochtaí an chlub. Ach, mar a deir an seanfhocail, ‘De réir a chéile a thógtar na caisleáin’!
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an t-Oifigeach Gaeilge ag galwayhookercrew@gmail.com.
—
At the Clubs AGM in February 2025 a motion was proposed to include an Officer with responsibility for the promotion of the Irish language within the club and also to develop and adapt an Irish language policy. This was in recognition of three factors.
- Irish being the heritage language of the Claddagh
- Irish being the everyday language of sail at most of the traditional boat regattas in Galway Bay, and
- A sizeable number of members of the club are Irish speakers.
The proposals were unanimously accepted and Colm Ó Cinnseala as Committee-member with the role of Irish Language Officer.
The role of Irish falls within the remit of cultural diversity and inclusivity. Perhaps the greatest achievement to date has been the club winning a prize in an annual and prestigious competition held by Gaillimh le Gaeilge – https://gleg.ie/english/gradam-sheosaimh-ui-ogartaigh-overview/. The award has led to about twenty five club members attending Irish classes. This is a great start to the greater inclusion of our living and heritage language is the everyday activities of the club.
The Irish Language Office can be contacted at galwayhookercrew@gmail.com.

